Tionscadail Ghaeilge
Glao Oscailte 2025
Spriocdháta an iarratais Dé Luain, 24ú Márta 2025.
Caithfidh gach tionscadal a bheith críochnaithe agus doiciméid curtha isteach roimh 1ú Samhain 2025.
Tá Éire Ildánach Cheatharlach ag lorg iarratais ó thionscadail nuálacha chruthaitheacha agus chultúrtha (de réir ár straitéise) ‘Feasacht agus tacaíocht níos fearr do chur chun cinn na Gaeilge i gContae Cheatharlach.’
Tionscnamh uile-rialtais í Éire Ildánach atá tiomanta d’acmhainneacht chruthaitheach phobail a shaothrú, comhoibriú a chur chun cinn agus tionscnaimh nua a spreagadh. Tá sé mar aidhm ag ár gcuid oibre daoine a thabhairt le chéile go comhoibritheach chun a bpobal, a saol agus timpeallacht dhaoine a athrú tríd an gcruthaitheacht.
Seans go mbeadh suim ag iarrthóirí sna gnéithe seo a leanas:
- Teacht ar an teanga, an oidhreacht san áireamh, trí cheol, filíocht agus an focal labhartha;
- Pobail nua a thabhairt isteach agus a chuimsiú i gceiliúradh agus úsáid na teanga;
- Muinín sa teanga a chur chun cinn ag chuile leibhéal.
Ní mór do thionscadail:
- Rannpháirtíocht ghníomhach an phobail a thaispeáint;
- Idirghníomhaíochtaí lánbhríocha a spreagadh i bpobail a chónaíonn, a oibríonn nó a thugann cuairt ar Cheatharlach, agus teanga na Gaeilge;
- Ardleibhéal cruthaitheachta a thaispeáint;
- Cur chuige pobal lárnach a ghlacadh;
- Teacht le tosaíocht amháin ar a laghad ón straitéis chruthaitheach agus cultúrtha d’Clár Éire Ildánach i gContae Cheatharlach.
Is féidir le tionscadail a bheith bunaithe i raon éagsúil áiteanna poiblí nó sóisialta - ar nós ospidéil, ionaid siopadóireachta, ionaid ealaíon, ionaid soláthair dhírigh, láithreáin oidhreachta san áireamh.
Cuirimid fáilte roimh iarratais ó phobail a dhéanann comhoibriú le:
- Ealaíontóirí, daoine cruthaitheacha, léiritheoirí;
- Eagraíochtaí cultúrtha agus oidhreachta
- Grúpaí pobail.
Is féidir le hiarratasóirí cur isteach ar dhámhachtainí suas le €3,000. Ní mór gach tionscadal a sheachadadh i gContae Cheatharlach.
Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh le cur isteach ar an gclár seo.
Fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine le gach leibhéal Gaeilge. Glacfar le hiarratais i mBéarla agus/nó i nGaeilge.
Fáiltímid go gníomhach roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí agus taithí éagsúla. Táimid tiomanta do chothromas, éagsúlacht agus cuimsitheacht, rudaí a léirítear inár straitéis le bheith oscailte do dhaoine, d’áiteanna, do mhodhanna agus do smaointe.
AN DÁTA DEIRIDH le haghaidh iarratais a chur isteach ná Dé Luain, 24ú Márta 2025 @ 5pm
Má tá ceist ar bith agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le artsservice@carlowcoco.ie